Institiúid na Tliongáinise

Cuireadh Institiúid na Tliongáinise (Klingon Language
Institute) ar bun i Mí Éanair 1992. Leanann InaT a haidhm
daoine a bhfuil suim acu sa teangeolaíocht agus sa Chultúr
Thliongánach a thabhairt le chéile agus áit a
sholáthar le haghaidh smaointe a phlé agus a mhalartú.
Is éagsúil na daoine atá ina mbaill d'InaT —
cúlaistíní de Star Trek a bhfuil fiosracht
agus ceisteanna faoin Teanga Thliongánach acu, aisteoirí i
gcluichí páirte is mian leo fíre a chur don charachtar
Thliongánach, chomh maith le mic léinn agus saineolaithe, lucht
teangeolaíochta, téirmeolaíochta,
ríomheolaíochta agus siceolaíochta, a bhfuil
barúil acu an Thliongánais a úsáid mar meafar sa
seomra scoile. Cé go bhfuil sí bunaithe sna Stáit
Aontaithe, 's í iarracht idirnaisiúnta an Institiúid
seo, istigh i dtríocha tír ar fud na seacht mór-roinne.

'S í teanga fhíorshainiúil an Thliongánais.
Cé go raibh teangacha saorga ann, agus cinn eile déanta do
dhaoine finscéalaíochta, is go hannamh an uair a
iarraítear ar teangeolaí teanga a dhéanamh
d'eachtrannaigh mar i gcás na Tliongánaise. Nuair a chuirtear
leis seo tríocha bliana den iontas Star Trek, ní
deacair réim na teanga laocha a mhíniú.

Dá mbeifeá ach ag tosú le Tliongáinis, ba
é The Klingon Dictionary (Foclóir na
Tliongáinise
) le Marc Okrand an rud ab fhearr duit a
fháil. Tá FnaT foilsithe ag Pocket Books agus 's é ISBN
0-671-74599-X an uimhir leabhair dó. Rinne an Dochtúir Okrand
an teanga seo do Pharamount Studios agus bhí ina chomhairleoir do
scannáin éagsúla Star Trek agus do
mhineachtraí de Star Trek: The Next Generation.
Tá misneach ort cóipeanna de Conversational
Klingon
(ISBN 0-671-79739-5) agus Power Klingon (ISBN
0-671-87975-8) a cheannach freisin. Is féidir leis an dá
théip éisteachta seo (a rinne Marc Okrand, agus Michael Dorn
ina scéalaí) cuidiú a thabhairt duit le foghair na
Tliongáinise agus abairtí úsáideacha a
mhúineadh duit. Mura dtig leat na rudaí seo a fháil i
do cheantar féin, tá siad ar fáil ó InaT á
n-ordú le cárta sochair ag leathanach eile den
láithreán lín seo.

'S é HolQeD, ár n-iris ráithiúil, an
príomhiompróir d'InaT. Bíonn gach eagrán
lán de saothair ealaíne, príomhaltanna, agus
colúin rialta faoi teangeolaíocht na Tliongáinise agus
faoin gCultúr Tliongánach. Lena chois sin, feictear litreacha
ón mballraíocht ag scrúdú agus ag plé
smaointe agus argóint a bhí sna irisí roimhe sin.
Tá dreach comh-mheasa agus plé oscailte uirthi. Níos
mó ná nuachtlitir, 's í iris acadúil HolQeD ag úsáid léirmheas dall agus
tá sí cláraithe leis an Leabharlann Comhdháil
Meiriceánach agus le Cumann na Nuatheangacha (Modern Language
Association).

Cibé acu gur tosaitheoir iomlán nó cainteoir
líofach tusa, cibé acu nach bhfuil aon teanga eile foghlamtha
agat nó atá tú in ann bries is dosaen teangacha a
léamh agus a scríobh, má tá suim agat i
dTliongáinis, tugaim cuireadh duit teacht linn inár
dtaiscealadh den teanga is mó fáis i mBealach na Bó
Finne.

Qapla'

Lawrence M. Schoen, Ph.D.

Stiúrthóir InaT


an t-aistriú seo le Breandán Mac Liam ([email protected])


* Back to KLI Home Page